Déan do chuairt a phleanáil

Músaem Litríochta na hÉireann
Open today, 10:30-17:30
ceannaigh ticéad

Aimsigh muid

UCD Naughton Joyce Centre
86 St Stephen's Green
Dublin 2 féach léarscáil

RadioMoLI

Stáisiún raidió digiteach
do litríocht na hÉireann
éist linn

Dhá institiúid a thabhairt le chéile

Dhá institiúid a thabhairt le chéile

Táthar ag súil gur eiseamláir a bheidh sa chomhpháirtíocht stairiúil idir COBÁC agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann do thionscadail mhóra chomhoibritheacha eile trína gcuirfear chun cinn rannpháirtíocht an phobail san earnáil oidhreacht chultúrtha.

Ní hamháin gur tionscadal caipitil chultúrtha ceannródaíoch do COBÁC atá sa mhúsaem,ach is deis é freisindon dá chomhpháirtí leathnú amach thar a gcuid spásanna fisiceacha traidisiúnta. Trí chlárbhainistíocht agus cur chun cinn I bpairt, cothóidh MoLI ceangailníos doimhne idir COBÁC agus an Leabharlann Náisiúnta maidir le bailiúcháin, cúrsaí taighde, clár oideachais agus líonraí. Agus cuirfear na bailiúcháin agus an scoláireacht eisceachtúil i láthair an phobail i bhfoirm tarraingt nua bheoga do chuairteoirí.

Táimid buíoch, leis, den tacaíocht chaipitil nach beag a fuarthas ó Fháilte Éireann, údarás forbartha turasóireachta na hÉireann, chun an músaem a thabhairt ar an saol. Gheofar tuilleadh eolais thíos faoinár gcomhpháirtithe aislingeacha.

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Bunaíodh COBÁC breis agus céad seasca bliain ó shin, agus tá sé ar cheann de na príomh-ollscoileanna taighde san Eoraip; is pobal dinimiciúil é ina ngabhann fochéimithe, máistrí agus dochtúirí don oiliúint, don taighde, don nuáil agus don rannpháirtíocht phobail. Is é COBÁC an ollscoil Éireannach is mó a mheallann mic léinn ó thar lear; tá 33,000 mac agus iníon léinn ann ó 120 tír agus tá 5,500 den líon sin i mbun staidéir in áiteanna lasmuigh d’Éirinn.

Is é COBÁC an ollscoil chéad rogha do mhic léinn agus d’iníonacha léinn in Éirinn. Is ag an ollscoil seo atá an céatadán is mó iarchéimithe in Éirinn, agus 1,500 mac léinn dochtúireachta ina measc. ucd.ie

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bunaíodh Leabharlann Náisiúnta ha hÉireann in 1877 agus is í leabharlann taifid na hÉireann í. Déanann an Leabharlann scéal na hÉireann a chomhroinnt leis an saol mór trína cuid bailiúchán uathúil ina bhfuil breis is deich milliún mír ar leith, ar a n-áirítear leabhair, lámhscríbhinní, nuachtáin, grianghraif, priontaí, léarscáileanna, líníochtaí, earraí inbhailithe, ceol agus meáin dhigiteacha. Lean an Leabharlann Náisiúnta ar Twitter, Facebook, Flickr on the Commons agus YouTube, agus gheofar tuilleadh eolais ar www.nli.ie.

Fáilte Ireland

Is é Fáilte Ireland an t-údarás náisiúnta forbartha turasóireachta. Is é ról na heagraíochta tacú le tionscal na turasóireachta agus Éire a bhuanú mar cheann scríbe ardchaighdeáin iomaíoch. Cuireann sé raon tacaíochtaí praiticiúla gnó ar fáil do ghnólachtaí turasóireachta chun gur féidir leo a dtáirgí agus a seirbhísí a bhainistiú agus a mhargú.

Oibríonn Fáilte le gníomhaireachtaí eile stáit agus le comhlachtaí ionadacha, ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon, chun straitéisí dearfacha praiticiúla a chur i ngníomh agus a chur chun cinn, straitéisía rachaidh chun leas thionscal na turasóireachta agus gheilleagar na hÉireann. Cuireann FáilteÉireannÉire chun cinn mar cheann scríbe laethanta saoire trí fheachtas margaíochta (DiscoverIreland.ie) in Éirinn agus bainistíonn sé gréasán d’ionaid eolais do thurasóirí ar fud na tíre a chuireann cabhair agus comhairle ar fáil do chuairteoirí ar Éirinn. failteireland.ie

This site uses cookies to ensure you get the best experience. See our privacy policy.