Déan do chuairt a phleanáil

Músaem Litríochta na hÉireann
Open today, 10:30-17:30
ceannaigh ticéad

Aimsigh muid

UCD Naughton Joyce Centre
86 St Stephen's Green
Dublin 2 féach léarscáil

RadioMoLI

Stáisiún raidió digiteach
do litríocht na hÉireann
éist linn

MoLI: achoimre ar a stair

MoLI: achoimre ar a stair

In 2010 a tosaíodh archomhaontas cruthaitheach idir dhá shócmhainn uathúla – Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus COBÁC – a phlé, trína gcuirfí bailiúcháin Joyce na Leabharlainne Náisiúnta ar fáil i dTeach Newman, an foirgneamh stairiúil is suntasaí dá bhfuil ag COBÁC.

Bunaíodh grúpa oibre in 2012 agus, a bhuíochas do bhronntanas an-fhlaithiúil ó Martin agus Carmel Naughton, féachadh leis an aisling a fhíorú. Fostaíodh Scott Tallon Walker, ailtirí, agus Ralph Appelbaum Associates, dearthóirí taispeántais, chun spás taispeántais 10,000 troigh chearnach a dhéanamh d’fhoirgneamh Aula Maxima Theach Newman, agus rochtain uilíoch a chruthú ar fud foirgnimh uile an tsuímh stairiúil inar bunaíodh COBÁC.

Fuarthas cistiú eile agus comhairle straitéiseach ó Fháilte Éireann chun an tionscadal a thabhairt go céim na tógála – thosaigh na tógálaithe ag obair ar an láithreán i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus meastar go n-osclófar Músaem Litríochta na hÉireann in 2019.

This site uses cookies to ensure you get the best experience. See our privacy policy.