Déan do chuairt a phleanáil

Músaem Litríochta na hÉireann
Open today, 10:30-17:30
ceannaigh ticéad

Aimsigh muid

UCD Naughton Joyce Centre
86 St Stephen's Green
Dublin 2 féach léarscáil

RadioMoLI

Stáisiún raidió digiteach
do litríocht na hÉireann
éist linn

Teach Newman COBÁC

Teach Newman COBÁC

Is é Teach Newman COBÁC, ag 85-86 Faiche Stiabhna, baile stairiúil Ollscoil Chaitliceach na hÉireann, as ar bunaíodh COBÁC. Tá péire de na tithe cathrach Seoirseacha is breátha i mBaile Átha Cliath anseo, mar aon leis an Aula Maxima– halla tionóil Victeoiriach na hollscoile–áit a bhfuil Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) lonnaithe anois.

Seomra Apollo 
Teach Newman COBÁC, Faiche Stiabhna

Thóg Richard Cassels an teach in Uimh. 85 Faiche Stiabhna i 1738, agus isdíol suntais í an obair phlástair bharócach fhíorálainn de chuid na ndeartháireacha Lafranchini atá ann. B’é Cassells an t-ailtire do Theach Chúirt an Phaoraigh agus do Theach Russborough. I 1765 a tógadh Uimh. 86, an teach cathrach béal dorais, mar a bhfuil sárshamplaí d’obair stucó rocócó de chuid Scoil cháiliúil Oibrithe Plástair Bhaile Átha Cliath.

An Cairdinéal John Newman
pictiúr a phéinteáil Jane Fortescue Seymour, An Bantiarna Coleridge. Le caoinchead COBÁC

Ainmníodh an foirgneamh as an Dr. John Henry Newman, diagaire agus oideachasóir, a bhí ina reachtaire nuair a bunaíodh an Ollscoil Chaitliceach i 1854. Is iomaí ceangal atá Teach Newman COBÁC le cumainn liteartha agus chultúrtha. Is ann a chónaigh Gerard Manley Hopkins, file, fad a bhí sé ina Ollamh le Léann Clasaiceach san ollscoil, agus bhí James Joyce ina mhac léinn anseo sular bronnadh BA air i 1902. I measc na scríbhneoirí cáiliúla eile a chaith seal in COBÁC tá Flann O’Brien, Kate O’Brien agus Maeve Binchy.

Inniu, bíonn imeachtaí agus turais ar na foirgnimh stairiúla, mar aon le gníomhaíochtaí ollscoile,ar siúl i dTeach Newman COBÁC. Ba chóir ceisteanna a chur ar Ruth Ferguson, Coimeádaí Theach Newman COBÁC ar 01 4779807 nó le ríomhphost chuig [email protected].

This site uses cookies to ensure you get the best experience. See our privacy policy.