Déan do chuairt a phleanáil

Músaem Litríochta na hÉireann
Open today, 10:30-17:30
ceannaigh ticéad

Aimsigh muid

UCD Naughton Joyce Centre
86 St Stephen's Green
Dublin 2 féach léarscáil

RadioMoLI

Stáisiún raidió digiteach
do litríocht na hÉireann
éist linn

An Rochtain

An Rochtain

Tá sé ina chroímhian d’fhís MoLI go dtabharfaí cuairteoirí ar aistear spreagúil fud fad scríbhneoireacht na hÉireann, agus go meallfaí iad lena gcuid cruthaitheachta féin a iniúchadh. Is é sin, is cuma faoi aois ár gcuairteoirí nó faoina gcúlra socheacnamaíoch, más daoine iad a chuireann spéis ghinearálta sa litríocht nó scoláirí a bhfuil spéis ar leith acu i réimse ar leith nó daoine nach léann mórán agus gan móran spéise acu sa litríocht – tá fáilte rompu go léir.

  • Tá gach urlár den mhúsaem inrochtana, mar aon leis na gailearaithe taispeántais ar fad.
  • Tá leithris inrochtana suite ar leibhéal an ghairdín.
  • Tá fáilte roimh mhadraí treoracha.
  • Cuirtear treoir fuaime in-íoslódála ar fáil saor in aisce leis an gcead isteach. 
  • Nótáil le do thoil go bhfuil an soilsiú i gcuid de na taispeántais lag, ar mhaithe le cuid de na déantáin a chaomhnú.

Oibríonn MoLI i gcomhar le UCD Access & Lifelong Learning chun clár gníomhaíochtaí agus deiseanna a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta sa mhúsaem. Má tá ceist ar bith agat faoi chúrsaí rochtana in MoLI, is féidir dul i dteagmháil linn ag [email protected]

This site uses cookies to ensure you get the best experience. See our privacy policy.