Fáilte isteach i MoLI – músaem litríochta do na scéalaithe is mó ar domhan.
Is comhpháirtíocht é Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) idir COBÁC agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus is institiúid thábhachtach chultúrtha nua é i gcroílár phríomhchathair na hÉireann. Tá an músaem suite in áit shuaithinseach ar an taobh ó dheas d’Fhaiche Stiabhna i gceann de na tithe stairiúla is breátha i mBaile Átha Cliath. Fuarthas inspioráid do MoLI ó shaothair James Joyce, an scríbhneoir Éireannach ba mhó cáil riamh. Ceiliúrann an músaemár gcultúr litríochta agus ár n‑oidhreacht a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthuón aimsiri bhfad siar go dtí an lá inniu féin, agus féachann sé le glúin nua a chur ag cruthú, ag léamh agus ag scríobh.Gheofar tumthaispeántaisilmheáin anseo, mar aon le déantáin ríluachmhara, léachtaí, taibhithe, cláir oideachais den scoth do pháistí, turais i dteach stairiúil, craoltóireacht dhigiteach, áiseanna taighde agus caifé atá suite i gceann de na gairdíní is áille agus is suaimhní sa chathair. Agus an méid sin ar fad ann, tá Músaem Litríochta na hÉireann ina chuid ríthábhachtach dentírdhreachliteartha áitiúil agus idirnáisiúnta.