Caifé & gairdíní
Caifé & gairdíní
Beidh gairdíní nua-thírdhreachtaithe agus caifé gairdín ar fáil nuair a osclófar MoLI in 2019.
Tar éis dóibh seal a chaitheamh sa mhúsaem, féadfaidhna cuairteoirí a scíth a ligean i gcaifé MoLI a osclaíonn amach i ngairdín álainn suaimhneach, tearmann faoi cheilt agus a haghaidh ó dheas, i lár na cathrach. Suigh faoi chrann caithne atá 200 bliain d’aois aguscaithbricfeastanó lón fíor-Bhleá Cliathach ingairdín lánbláthanna agus tú scoite amach ar fad ó ghleo na cathrach ag éisteacht le ceiliúr na n-éan agus sioscadh na gcrann.
Tá dhá chrann faoi chosaint sa ghairdín, go háirithe an crann ar sheas James Joyce lena ais sa ghrianghraf a tógadh de nuair a bronnadh an chéim air. Tá súil againn gur áit léitheoireachta agus foghlama agus áit le sult a bhaint as an dúlra a bheidh sa ghairdín seo.
Tá conair ón ngairdín seo fad le Gairdíní Uíbh Eachach, a dtugtar ‘Gairdíní Rúnda’ Bhaile Átha Cliath orthu uaireanta; is áit álainn iad le do scíth a ligean sa chathair agus iad i bhfoisceacht cúpla nóiméad de Shráid Grafton. Ní músaem amháin é MoLI, ach spás glas draíochta i lár na cathrach.
Beidh ócáidí spéisiúla eile sa chaifé agus sa ghairdín le fógairt againn sna míonna seo romhainn. Féadfaidh tú clárú dár nuachtlitir thíos, más spéis leat tuilleadh a fháil amach.