Déan do chuairt a phleanáil

Músaem Litríochta na hÉireann
Open today, 10:30-17:30
ceannaigh ticéad

Aimsigh muid

UCD Naughton Joyce Centre
86 St Stephen's Green
Dublin 2 féach léarscáil

RadioMoLI

Stáisiún raidió digiteach
do litríocht na hÉireann
éist linn

Rialachas & Cuntasacht

Rialachas & Cuntasacht

Struchtúr na Cuideachta 

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta é Newman House Literary Centre CLG  (‘an Chuideachta’) atá i mbun trádála faoin ainm Músaem Litríochta na hÉireann/Museum of Literature Ireland (MoLI), agus is fochuideachta faoi lánúinéireacht an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) é, ionas go ndéantar ráitis airgeadais MoLI a chomhdhlúthú i ráitis airgeadais foriomlána COBÁC.

Is comhoibriú idir an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) é MoLI chun ionad oideachasúil agus cuairteora a bhunú agus a reáchtáil a dhíreodh ar shaol agus shaothair James Joyce agus mórscríbhneoirí Éireannacha eile i dTeach Newman, Baile Átha Cliath 2, agus chun gníomhaíochtaí gaolmhara coimhdeacha a bhfuil an aidhmchéanna leo a chur á ndéanamh.

An Bord Stiúrthóirí

Féadfaidh MoLI suas le seachtar Stiúrthóirí a bheith aige in am ar bith. Féadfaidh COBÁC suas le ceathrar Stiúrthóirí a cheapadh, féadfaidh an Leabharlann Náisiúnta beirt a cheapadh agus feidhmeoidh an seachtú Stiúrthóir, arna c(h)eapadh ag COBÁC, mar Chathaoirleach neamhspleách.

Féachann na páirtithe ceapacháin chuige i gcónaí go mbeidh raon leathan saineolais – saineolas airgeadais, saineolas rialachais  agus saineolas miseanshonrach – ag na comhaltaí Boird ionas go gcuideoidh eolas iomlán na gcomhaltaí Boird chun an Chuideachta a bhuanú agus a chur ag obair go rathúil san fhadtéarma.De bhreis air sin, má mheasann an Cathaoirleach gur cuí, i gcás comhaltaí atá fostaithe ag an gCuideachta agus ag an dá pháirtí ceapacháin ach nach comhaltaí Boird iadagus a bhfuil saineolas acu a mheastar a bheith fiúntach,is féidir cuireadh a thabhairt dóibh freastal ar chruinnithe Boird. 

Déanann na Stiúrthóirí maoirsiú ar oibríochtaí MoLI agus féachann siad chuige i gcónaí go n-oibríonn an Chuideachta de réir na gcaighdeán is airde maidir le rialachas corparáideach, iompar eiticiúil agus cúram muiníneach, agus go gcuirtear Fís, Misean agus Luachanna bunúsacha na Cuideachta san áireamh. 

Féachann na Stiúrthóirí chuige, leis, go mbíonn straitéis agus fís fhadtéarmach ann i gcónaí chun go mbeidh rath ar an gCuideachtai gcónaíagus go ndéantar maoirsiú agus measúnú leanúnach ar an gCuideachta. 

Ní fhaigheann baill an Bhoird ná Rúnaí na Cuideachta aon íocaíocht ón gCuideachta.

Stiúrthóirí

P.J. Barron
Eamonn Ceannt (chair)
Sandra Collins
Peter Coulahan (secretary)
Donal Doolan
Margaret Kelleher
Katherine McSharry

Coistí Comhairleacha 

Tá Coiste Comhairleach Acadúil agus Coiste Ábhar Chultúrtha bunaithe ag an mBord ionas go mbeidh teacht aige ar shaineolas maidir le haidhmeanna bunaidhna Cuideachta. Baill den Bhord atá i gceannas na gcoistí seo, agus is iad daoine a mheasann an Bord a bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha acu chun cur le rath fadtéarmach MoLI a cheaptar ar na coistí sin. 

Iniúchadh agus Tuairisciú Airgeadais

Féachann an Bord agus Rúnaí na Cuideachta chuige i gcónaí go mbíonn gníomhaíochtaí airgeadais na Cuideachta faoi réir iniúchadh neamhspleách ó pháirtí seachtrach. Féachann Rúnaí na Cuideachta chuige go gcuirtear faoi bhráid an Bhoird aon údar imní a tharraingíonn an páirtí seachtrach sin anuas. 

Chomh maith leis sin, mar fhochuideachta faoi úinéireacht iomlán COBÁC, tá gnéithe airgeadais d’oibríochtaí na Cuideachta faoi réir grinnscrúdú ó Iniúchóirí Inmheánacha na hOllscoile, agus ón gCoiste Airgeadais, Luach Saothair agus Bainistíocht Sócmhainní. 

Cultúr Déanann MoLI gach dícheall i gcónaí na caighdeáin is airde rialachais chorparáidigh agus cuntasachta a shroicheadh. Cothaíonn na feidhmeannaighagus an Bord cultúr trédhearcachta, comhghleacaíochta agus measa. Go háirithe ba mhór ag an mBord aiseolas a fháil ón bhfoireann ghinearálta agus ó shaorálaithe MoLI, agus is féidir ceist ar bith maidir le hoibriú na cuideachta a tharraingt anuas le Stiúrthóir an Mhúsaeim nó le Rúnaí na Cuideachta.

This site uses cookies to ensure you get the best experience. See our privacy policy.