Déan do chuairt a phleanáil

Músaem Litríochta na hÉireann
Open today, 10:30-17:30
ceannaigh ticéad

Aimsigh muid

UCD Naughton Joyce Centre
86 St Stephen's Green
Dublin 2 féach léarscáil

RadioMoLI

Stáisiún raidió digiteach
do litríocht na hÉireann
éist linn

Taispeántais i MoLI

Taispeántais i MoLI

Cóip Uimh. 1 de Ulysses le James Joyce (le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)

Siúlfaidh cuairteoirí go MoLI trí sheomraí breátha Theach Newman agus tiocfaidh siad ar thaispeántais idirghníomhacha dhigiteacha den scoth faoin scríbhneoireacht in Éirinn ó na meánaoiseanna go dtí an lá inniu. Agus iad ar a mbealach trí na taispeántais, cloisfidh na cuairteoirí míreanna de scríbhneoireacht na hÉireann á léamh, feicfidh siad saothair James Joyce agus iad mapáilte ar an gcathair chomhaimseartha le scannáin agus dealbhóireachtaí, agus beidh deis acu dul i ngleic le cuid de na míreanna is suaithinsí de na bailiúcháin sa Leabharlann Náisiúnta, ina measc na leabhair nótaí a bhí ag Joyce do Ulyssesagus a chéadchóip féin, ‘Copy No. 1’ de Ulysses inar scríobh sé inscríbhinn dá phátrún Harriet Shaw Weaver, a bhronn an leabhar ar an Leabharlann Náisiúnta i 1952.

Ó thús deireadh an aistir seo beidh taispeántáin éagsúla le feiceáil a iniúchann scríbhneoirí comhaimseartha ó Éirinn, an scríbhneoireacht Éireannach i gcathracha eile agus stair na foilsitheoireachta i stát na hÉireann. Faoin gclár uaillmhianach taispeántas sealadach atá beartaithe, beidh na taispeántais seo á n-athrú go rialta de bharr forbairtí agus obair scolártha nua sa réimse litearthalena mbaineann siad, agus mar go mbeidh siad á dtabhairt ar cuairt chuig láithreacha eile ar fud an domhain.

A bhuíochas do na comhpháirtíochtaí atá ann leis an Leabharlann Náisiúnta, COBÁC, agus institiúidí agus bailitheoirí eile, beidh MoLI in ann clár uaillmhianach taispeántas a chur i láthair. Díreofar ar scríbhneoirí aonair agus ar shaothair ón sean-am go dtínár ré féin, ar bhéaloideas na hÉireann agus ar mhíreanna dobhraite oidhreachtúla le déantáin, míreanna fuaimeagusscannáin, leis na nua-theicneolaíochtaagus na meáin dhigiteacha. Is croíghné dár misin é grá don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht a athchothú inár gcuairteoirí idirnáisiúnta agus baile araon.

This site uses cookies to ensure you get the best experience. See our privacy policy.